☰       Show/Hide Menu

☰       Department Menu

Oifig Na Gaeilge

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 & Scéim Teanga OCBÁC(DCU)

Tá dualgais éagsúla ar OCBÁC, mar chomhlacht poiblí, faoi Achr na dTeangaca Oifigiúla 2003.

Is é bun-chuspóir an Achta ná líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal a mhéadú agus a fheabhsú.

Tá sé mar aidhm ag Acht na dTeangacha Oifigiúla úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i ngnóthaí an stáit agus a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge in úsáid ag comhlachtaí poiblí agus iad i mbun cumarsáide leis an bpobal agus/nó iad ag soláthar seirbhísí don phobal.

Tá go leor bealaí ag comhlachtaí poiblí chun dul i dteagmháil leis an bpobal, ina measc: litreacha, teachtaireachtaí ríomhphoist, coras poist, bileoga eolais, tuarascálacha, fógraí agus suímh ghréasáin.Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá dualgais faoi leith ar chomhlachtaí poiblí i gcás gach ceann acu sin.

Is féidir treoirleabhar faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a íoslódáil anseo (PDF)

Tá eolas ar fáil anseo ar Scéim Teanga OCBÁC agus na príomh rannóg a bhaineann le hAcht na dTeangancha Oifigúila - Cumársáid, Foilseacháin, Stáiseanóireacht, Comharthaí, agus Fogáirtí Taifeadtha Béil  

Scéim Teanga OCBÁC

Is féidir leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta iarraidh ar aon chomhlacht poiblí scéim teanga a ullmhú faoi réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Nuair a dhaingníonn an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an scéim, tá feidhm reachtúil leis na gealltanais agus tá dualgas ar an gcomhlacht poiblí iad a chur i bhfeidhm.

I mí an Mhárta 2006 d’fhoilsigh DCU a gcéad Scéim Teanga faoi réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Is féidir cóip d'Acht na dTeangacha a íoslódáil anseo –  PDF 

Is féidir cóip de Scéim Teanga DCU a íoslódáil anseo – PDF

Tá an t-Oifigeach Gaeilge ar fáil chun teacht chuig do rannóg féin agus labhairt le baill foirne ann faoin chomhlíonadh an Achta.

Tá fáilte roimh cheisteanna nó gearáin faoin Acht nó an Scéim Teanga.  

Cumarsáid 

Tá sé mar aidhm ag Acht na dTeangacha Oifigiúla úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i ngnóthaí an stáit agus a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge in úsáid ag comhlachtaí poiblí agusiad i mbun cumarsáide leis an bpobal agus/nó iad ag soláthar seirbhísí don phobal.

Tá go leor bealaí ag comhlachtaí poiblí chun dul i dteagmháil leis an bpobal, ina measc: litreacha, teachtaireachtaí ríomhphoist, cora poist, bileoga eolais, tuarascálacha, fógraí agus suímh ghréasáin. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá dualgais faoi leith ar chomhlachtaí poiblí i gcás gach ceann acu sin.

Litreacha agus teachtaireachtaí ríomhphoist i nGaeilge 

Nuair a scríobhann duine chuig comhlacht poiblí i nGaeilge, i bhfoirm litreach nó leis an ríomhphost, tá an duine sin i dteideal freagra a fháil i nGaeilge. Ar an mbunús sin tá dualgas ar na comhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil córas i bhfeidhm chun déileáil le comhfhreagras i nGaeilge. Níor chóir go mbeadh an tseirbhís i nGaeilge ar chaighdeán níos ísle ná an tseirbhís i mBéarla.

Faisnéis a scaipeadh ar an bpobal i gcoitinne / Cora poist – Alt 9(3)

Tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil aon fhaisnéis i scríbhinn a chuirtear chuig an bpobal i gcoitinne, nó chuig aon aicme den phobal i gcoitinne, i nGaeilge amháin nó i mBéarla agus i nGaeilge.

Uaireanta bíonn deacracht ag comhlacht poiblí cinneadh a dhéanamh maidir le cibé an dtagann nó nach dtagann cumarsáid áirithe faoi scáth Alt 9(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is ceart Alt 9(3) a léamh i gcomhthéacs Alt 9 ina iomláine agus i gcomhthéacs chuspóirí an Achta mar atá tugtha sa teideal fada – “Acht chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críoch oifigiúil sa stát… le linn cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal nó seirbhísí a sholáthar don phobal agus le linn obair chomhlachtaí poiblí a dhéanamh…”.Baineann Alt 9(1) le rialacháin a dhéanamh maidir le húsáid na Gaeilge i gcomharthaíocht, stáiseanóireacht, fogairtí taifeadta béil srl. Baineann Alt 9(2) le freagra a thabhairt ar chumarsáid scríofa a thionscnaíonn baill den phobal le comhlachtaí poiblí. Baineann Alt 9(3) le cumarsáid ar leith a thionscnaíonn comhlachtaí poiblí faoin Acht i gcásanna áirithe ar leith. De bharr na n-éagsúlachtaí ollmhóra a bhaineann le cumarsáid a eisíonn comhlachtaí poiblí, is léir go gcaithfear breathnú as féin ar gach ceann acu.Tá ceithre ghné faoi leith ag baint le hAlt 9(3) agus ba cheart aon chumarsáid atá beartaithe ag comhlacht poiblí leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne a mheas faoi na slata tomhais seo le féachaint an dtagann nó nach dtagann an chumarsáid atá beartaithe faoi scáth an Ailt seo.

Seo a leanas na slata tomhais:  

  • An comhlacht poiblí faoin Acht atá i mbun na cumarsáide?
  • An bhfuil an chumarsáid á déanamh tríd an bpost nó tríd an bpost leictreonach?
  • An cumarsáid í a bhfuil sé mar sprioc aici faisnéis a thabhairt?
  • An bhfuil an chumarsáid leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne?

Má shásaíonn an chumarsáid atá beartaithe ag an gcomhlacht poiblí gach ceann de na slata tomhais sin, bheadh an chosúlacht air go gcomhlíonann sí gach critéar lena tabhairt faoi fhorálacha Alt 9(3) agus ba cheart go mbeadh sí á déanamh i nGaeilge nó go dátheangach. 

Mura sásaíonn an chumarsáid atá beartaithe aon cheann amháin nó níos mó de na slata tomhais thuasluaite, bheadh an chosúlacht air nach mbeadh sí san áireamh faoi Alt 9(3).

Ó tharla gur gá go mbeadh aidhm faoi leith chun “faisnéis a thabhairt” ag an gcumarsáid atá clúdaithe faoi Alt 9(3), caithfear gach modh cumarsáide a mheas ina aonar agus sprioc na cumarsáide sin a thógáil san áireamh.  

Foilseacháin 
Tá dualgas faoi Alt 10 den Acht ar chomhlachtaí poiblí croídhoiciméid áirithe a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla. Ina measc tá:
  • Aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí;
  • Aon tuarascáil bhliantúil;
  • Aon chuntas iniúchta nó ráiteas airgeadais;
  • Aon ráiteas straitéise atá déanta faoi Alt 5 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997;
  • Aon doiciméad atá forordaithe go cuí mar go bhfuil tábhacht mhór phoiblí ag baint leis.

Tograí beartais phoiblí

Tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla. 

Is léir go gcuimsíonn Alt 10(a) den Acht cáipéisí ar nós iad seo a leanas:

• Páipéir bhána agus páipéir uaine atá eisithe ag Ranna Rialtais;

• Dréachtphleananna forbartha na n-údarás áitiúil;

• Aon doiciméad eile a fhoilsítear a bhaineann le beartais phoiblí agus a bhfuil tograí i leith na mbeartas poiblí sin sonraithe ann.

Agus comhlacht poiblí ag iarraidh cinneadh a dhéanamh maidir le cibé an dtagann doiciméad faoin gceannteideal seo nó nach dtagann agus an bhfuil riachtanas ann, dá bhrí sin, é a fhoilsiú go dátheangach, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna seo a leanas:

a) An bhfuil an doiciméad déanta ag nó faoi údarás comhlachta phoiblí atá faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla?

b) An bhfuil an doiciméad le foilsiú? Toisc nach dtugtar sainmhíniú ar an bhfocal “foilsithe” sa reachtaíocht seo, tógann sé a ghnáthbhrí. I bhfocail eile, an mbeidh an doiciméad seo ar fáil don phobal?

c) An bhfuil “tograí beartais phoiblí” sa doiciméad? Arís ní thugtar sainmhíniú ar na focail sin san Acht agus mar sin tógann siad a ngnáthmhíniú. Is cosúil go n-áirítear doiciméid chomhairliúcháin anseo, ina measc páipéir bhána agus uaine chomh maith le dréachtphleananna forbartha na n-údarás áitiúil, ach gan a bheith teoranta dóibh sin, ina gcuirtear tograí maidir le polasaí poiblí i láthair lena meas agus go bhfuil seans ann go gcuirfear nó nach gcuirfear i bhfeidhm iad.

Más féidir freagra dearfach a thabhairt ar na trí cheist thuasluaite, is mó seans atá ann ná a mhalairt go dtagann an doiciméad atá faoi chaibidil faoi théarmaí Alt 10(a) den Acht agus gur gá é a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.

Má thugtar freagra diúltach ar aon cheann de na trí cheist thuasluaite, is mó seans atá ann ná a mhalairt nach dtagann an doiciméad faoi théarmaí Alt 10(a) den Acht. Dá bhrí sin, ní bheadh dualgas reachtúil é a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla faoin bhfo-alt seo den Acht.

Tuarascálacha bliantúla

Caithfidh comhlachtaí poiblí aon tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla.

  • Ciallaíonn an fhoráil seo gur cheart go mbeadh an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla faoin gclúdach céanna nó in dhá imleabhar ar leith a bheadh ar chomhchaighdeán.
  • Ciallaíonn go comhuaineach go mbeadh fáil ag an am céanna ar an dá leagan, más ann dóibh.

Ní leor leagan clóite a chur ar fáil i mBéarla agus leagan leictreonach a chur ar fáil i nGaeilge. Is leor leagan leictreonach i nGaeilge, áfach, más i bhfoirm leictreonach amháin atá an leagan Béarla freisin.

Cuntas iniúchta nó ráiteas airgeadais

Caithfidh comhlacht poiblí aon chuntas iniúchta nó ráiteas airgeadais a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla.

Baineann na critéir chéanna atá thuasluaite faoi fhoilsiú tuarascála bliantúla le cuntais iniúchta agus le ráitis airgeadais freisin.

Ráitis straitéise

Caithfidh comhlacht poiblí aon ráiteas straitéise atá déanta faoi Alt 5 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997 a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla.

Ní bhaineann an dualgas seo le ráitis straitéise go ginearálta ach amháin na ráitis sin atá déanta de thoradh ar dhualgais faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí.

Aon doiciméad atá forordaithe

Caithfidh comhlacht poiblí aon doiciméad a fhorordaíonn an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (i gcomhar le hAirí eile, más cuí) a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla. Is doiciméid a mbeadh tábhacht mhór phoiblí ag baint leo atá i gceist anseo. Ní raibh forordú déanta ag an Aire i leith aon doiciméad den chineál seo nuair a foilsíodh an t-eagrán seo den Treoirleabhar seo.

 
Stáisnóireacht 

Tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil na ceannteidil ar stáiseanóireacht áirithe i nGaeilge nó dátheangach.

Cén stáiseanóireacht a chaithfidh a bheith ar fáil i nGaeilge nó go dátheangach?

a) Nóta-pháipéar; b) Duillíní dea-mhéine;

c) Leatháin chlúdaigh facs; d) Clúdaigh chomhad agus fillteáin eile;

e) Lipéid; f) Clúdaigh litreach.

 

Comharthaí 

Má roghnaítear téacs dátheangach (seachas téacs i nGaeilge amháin) a úsáid, cad iad na Rialacháin maidir le comharthaí?:

a) Beidh an téacs i nGaeilge ann ar dtús.

b) Beidh an téacs i nGaeilge chomh feiceálach, chomh sofheicthe agus chomh hinléite céanna leis an téacs i mBéarla.

c) Ní bheidh na litreacha sa téacs i nGaeilge níos lú, ó thaobh méide de, ná na litreacha sa téacs i mBéarla.

d) Maidir leis an téacs i nGaeilge, cuirfidh sé in iúl an fhaisnéis chéanna leis an bhfaisnéis a chuireann an téacs i mBéarla in iúl.

e) Ní dhéanfar focal sa téacs i nGaeilge a ghiorrú mura bhfuil an focal sa téacs i mBéarla, ar aistriúchán air é, giorraithe freisin.

f) I gcás go bhfuil Ordú Logainmneacha faoi Alt 32 den Acht i bhfeidhm, tá dualgas ar chomhlacht poiblí an leagan oifigiúil Gaeilge a shonraítear san Ordú a úsáid i gcomharthaí a shuitear in aon suíomh.

Tá na hOrduithe Logainmneacha ar fáil ar w ww.coimisineir.ie.Comharthaí le bheith dátheangach, leis an Ghaeilge ar dtús (ar chomharthaí sealadacha agus ar chomharthaí nach bhfeiceann an pobal i gcoitinne iad chomh maith) 

Fógraí Taifeadtha Béil 

Tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil fógairtí taifeadta béil a dhéanann siad nó a dhéantar thar a gceann i nGaeilge nó go dátheangach faoi 1 Iúil 2013.

Cén cineál fógairtí atá i gceist?

  1. Fógairtí taifeadta béil ar an teileafón atá le cloisteáil nuair atá oifigí an chomhlachta phoiblí dúnta mar shampla: “Tá an oifig seo oscailte ó a naoi go dtí a leathuair tar éis a cúig. Tá an oifig dúnta anois ach fág teachtaireacht agus cuirfear glaoch ar ais ort.”
  2. Fógairtí taifeadta béil atá á dtarchur trí mheán córas callaireachta poiblí mar shampla fógairtí taifeadta ar nós rabhadh slándála in aerfort, i stáisiún traenach nó in aon ionad poiblí eile.
  3. Fógairtí taifeadta béil a chruthaítear agus a tharchuirtear trí mheán seirbhís ríomhairithe teachtaireachta nó seirbhís ríomhairithe freagartha teileafóin mar shampla: “Brúigh 1 do chuntais; brúigh 2 don lasc-chlár.  
Tabhair faoi deara gur fógairtí taifeadta seachas fógairtí beo a bhaineann le hábhar anseo.
Ról - Oifig 

Ról – Oifig an Choimisinéara Teanga

An ról atá ag Oifig an Choimisinéara Teanga ná monatóireacht agus imscrúdaithe a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí agus gach beart riachtanach a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí a ndualgais faoin Acht.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Oifig an Choimisinéara Teanga.  

Foilseacháin Thábhachttacha 

Foilseacháin Thábhachtacha

•             Scéim do chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 DCU – PDF

•             Acht_na_nOllscoileanna_1997 – PDF

•             Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 – PDF

•             Treoirleabhar: Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 – PDF

•             Treoirlínte do Scéimeanna faoin Acht (Meán Fómhair 2004) – PDF

•             Cairt Cearta Teanga – PDF

•             Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030– PDF

•             Oifig an Choimisinéara Teanga Bileog Ghearáin – PDF   

Suíomh

Suíomh

Suíomh idirlín úsáideacha

An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

Oifig an Choimisinéara Teanga

Foras na Gaeilge

Údarás na Gaeltachta

An Údaráis um Ard-Oideachas (ÚAO)